View CfT Workspace
CfT: Feachtas Cumarsáide ar Bhuntáistí Fhoghlaim na Gaeilge i Scoileanna meán-Bhéarla
- Tender submission deadline in (days/hours):
- 19/13
- Name of Contracting Authority:
- An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta
- Title:
- Feachtas Cumarsáide ar Bhuntáistí Fhoghlaim na Gaeilge i Scoileanna meán-Bhéarla
- CfT CA Unique ID:
- Evaluation Mechanism:
- Most Economically Advantageous Tender (MEAT)
- Description:
- Táimid ar lorg áisíneacht dearadh cruthaitheach/ cumarsáide chun plean agus feachtas cuimsitheach a dhearadh, a fhorbairt, agus a sholáthar a dhíríonn ar bhunscoileanna agus iar bhunscoileanna meán-Bhéarla, ar institiúidí ardoideachais agus ar mhúinteoirí faoi oiliúint freisin. Cuirfidh an feachtas ról na Gaeilge san fhéiniúlacht náisiúnta cultúrtha chun cinn agus cuirfidh sé béim ar na buntáistí leathana a bhaineann le foghlaim agus labhairt na teanga do gach páiste/duine óg ó gach saghas cúlra agus le gach saghas proifíle; buntáistí cultúrtha, sóisialta, gairmiúla, agus eacnamaíocha san áireamh. Aidhmeanna • Chun feasacht a ardú ar thábhacht na Gaeilge mar ghné lárnach den fhéiniúlacht chultúrtha • Chun dul i bhfeidhm go dearfach ar dhearcthaí i dtreo fhoghlaim agus labhairt na Gaeilge i measc daltaí agus daoine óga • Chun buntáistí fhoghlaim agus labhairt na Gaeilge do gach páiste agus duine óg a chur in iúl ar leibhéal sóisialta, teangeolaíoch agus eacnamaíoch • Chun ábhair tharraingteacha, aoisoiriúnacha chumarsáide a chruthú a dhíríonn ar mhúinteoirí/mhúinteoirí faoi oiliúint, ar dhaltaí/dhaoine óga agus ar thuismitheoirí i suíomhanna oideachasúla meán-Bhéarla Scóip na hOibre Plean Cumarsáide An comhlacht rathúil: • Forbróidh sé plean straitéiseach cumarsáide a dhíríonn ar: • Bunscoileanna meán-Bhéarla • Iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla • Institiúidí ardoideachais agus ar mhúinteoirí faoi oiliúint • Aithneoidh sé teachtaireachtaí tábhachtacha, pobail agus bealaí soláthair. • Molfaidh sé modhanna nuálacha éifeachtacha le dul i dteagmháil leo. Forbairt agus Soláthar an Fheachtais • Dearfaidh an comhlacht feachtas cumarsáide ilchainéalach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é. • Cruthóidh sé sraith ábhar, ina measc, ábhar closamhairc agus acmhainní tacaíochta. • Déanfaidh sé cinnte go bhfuil an t-ábhar go léir éasca le teacht air, tarraingeach, agus oiriúnach le húsáid i suíomhanna oideachasúla. Déanamh Físeán Rud a bheidh lárnach san obair is ea sraith físeán d’ardchaighdeán: • Déanfaidh siad scrúdú ar bhuntáistí fhoghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla • Beidh insint/snáithe scéil shoiléir ó dhearcadh na ndaltaí atá ag dul ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hiar-bhunscoile • Léireoidh siad go dílis glóir agus taithí na ndaltaí agus na scoláirí. • Cuirfidh siad béim ar dheiseanna sa saol a bhfuil nasc acu leis an nGaeilge (e.g. gairmeacha, naisc shóisialta, rannpháirtíocht chultúrtha) • Ba chóir go mbeadh siad oiriúnach le húsáid ar ardáin dhigiteacha, i seomraí ranga, agus mar chur i láthair. Ábhair Bhreise Fheachtais Molfaidh an comhlacht agus forbróidh sé meáin bhreise le tacú le teachtaireacht an fheachtais agus chun í a mhéadú. San áireamh anseo, beidh: • ábhar a bhaineann leis na meáin shóisialta (físeáin ghearra, grafaicí, feachtais) • Sraith straitéisí digiteacha le haghaidh scoileanna • Póstaeir agus ábhair chlóite • Ábhar idirghníomhach nó bunaithe ar an ngréasán • Imeachtaí nó tionscnaimh rannpháirtíochta scoile (más cuí) Amlíne Ba chóir na nithe seo a chur san áireamh in amlíne an tionscadail: • Céim phleanála agus taighde • Forbairt chruthaitheach • Déanamh na hoibre • Leathadh an fheachtais • Measúnú (Déanfar aontú ar an amlíne nuair a cheapfar an comhlacht.)
- Procurement Type:
- Services
- CPC Category:
- Advertising services
- Directive:
- 2014/24/EU (Classic)
- Procedure:
- Open
- CfT Involves:
- The establishment of a framework agreement
- Framework agreement Timeframe:
- N/A
- CPV Codes:
-
79341000-Advertising services
79341100-Advertising consultancy services
79341200-Advertising management services
79341400-Advertising campaign services
79342000-Marketing services
79342200-Promotional services
- Contact Point:
- brigid@cogg.ie
- Award per Item:
- Yes
- Inclusion of e-Auctions :
- No
- NUTS codes:
- IE
- Estimated value (EUR):
- 80,000
- Above or Below threshold:
- Above
- Time-limit for receipt of tenders or requests to participate:
- 26/05/2026 00:00
- Deadline for dispatching invitations:
- End of clarification period:
- 19/05/2026 00:00
- Upload of documents within the clarifications:
- Yes
- Tenders Opening Date:
- 27/05/2026 00:00
- Allow suppliers to make an online Expression Of Interest:
- No
- Contract awarded in Lots:
- No
- Contract duration in months or years, including any options and renewals:
- 1 years
- Validity of Tender in days or months:
- 12 months
- EU funding:
- No
- Multiple tenders will be accepted:
- No
- Date of Publication/Invitation:
- 06/05/2026 03:30
- TED links for published notices:
-
https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:311725-202...
- Language of publication:
- GA
- Number of openers:
- Two